a
(Det Poss 3P Sg Fem)

Bhí buíon acu crom istigh faoi leac mhór agus gan dul acu a tógáil. 🔊

Le neart agus le lúth a ghéag chuir seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊

Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg Loch Léin. 🔊

Bhí coróin ríoga ar a ceann, agus brat donn síoda a bhí buailte le réalta dearg-óir á cumhdach go sail. 🔊

Bhí a gruaig ina duala buí óir ar sileadh léi agus a gormshúile mar dhrúcht ar bharr an fhéir. 🔊

a crainn ag cromadh de toradh is bláth agus is fairsing inti mil is fíon. 🔊

Ansin chuaigh Oisín ar mhuin an eich bháin agus chuir Niamh Chinn Óir ar a bhéala. 🔊

Shil na deora frasa anuas le grua Oisín agus phóg a athair go caoin. 🔊

Rinne trí seitreacha ar an tráigh agus thug a aghaidh siar díreach ar an fharraige le hOisín is le Niamh. 🔊

D'fhág Oisín slán ag Niamh Chinn Óir, ag a dhís mhac agus ag a iníon. 🔊

Bhuail tuirse agus cumha Oisín agus thug a aghaidh ar Almhain Laighean. 🔊

Thairg Pádraig ansin Oisín a choinneáil ar a theaghlach agus a thabhairt leis ar a thurais ar fud Éireann, óir bhí trua aige don tseanóir dhall agus ba mhaith leis seanchas an tseansaoil a fháil uaidh agus soiscéal a theagasc i ndeireadh a aoise. 🔊

Frequency index

Alphabetical index